9/02/2016

Gairm Scoile



‘Ó chleamairí go ceamaraí ...’

17-18 Feabhra 2017
Fiontar agus Scoil na Gaeilge (DCU)
Campas na Naomh Uile, Droim Conrach

Nuair a foilsíodh an leabhar ceannródaíoch Stair Dhrámaíocht na Gaeilge (Ó Siadhail, 1993) os cionn scór bliain ó shin, dúradh go neamhbhalbh sa réamhrá go raibh drámaíocht na Gaeilge ‘ar fhorimeall shaol na Gaeilge go fóill’ agus go raibh sí ar an ngné ba laige d’ealaíona na Gaeilge. Ach an fíor an ráiteas seo a thuilleadh? Cén dul chun cinn atá déanta ag na taibhealaíona le blianta beaga anuas? Cén ról a bhí ag TG4, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana, i gcothú na drámaíochta teilifíse agus na scannánaíochta Gaeilge? An bhfuil forbairt tagtha ar réimsí eile de dhrámaíocht na Gaeilge taobh amuigh de na hamharclanna traidisiúnta – an drámaíocht san oideachas, mar shampla? An bhfuil stíl nua le haithint i ndrámaí na linne seo? An bhfuil a leithéid de rud ann agus stíl Ghaelach drámaíochta? Cén tionchar a bhí ag ealaíona béil traidisiúnta na Gaeilge (an scéalaíocht, an t-agallamh beirte) ar dhrámadóirí na tíre seo? Is í aidhm na comhdhála seo fóram plé a chur ar fáil do scoláirí, do dhrámadóirí, d’aisteoirí, d’oideachasóirí, do léiritheoirí agus do dhaoine ar spéis leo na taibhealaíona. Déanfar cíoradh ar ghnéithe de stair na drámaíochta, féachfar le léargas a thabhairt ar an staid reatha agus ar na deacrachtaí atá fós le sárú. Léireofar gearrdhráma mar chuid d’imeachtaí na Comhdhála.

Fáilteofar roimh thairiscintí páipéir (20 nóiméad) ar ábhair a bhaineann le gnéithe éagsúla de dhrámaíocht na Gaeilge, ó na healaíona béil traidisiúnta go sobaldrámaí na linne seo, ó chleamairí go ceamaraí. Ar na hábhair a mbeadh fáilte ar leith rompu, tá: 
·      Stair na drámaíochta
·      Drámaí nó drámadóirí ar leith
·      Téamaí i ndrámaíocht na Gaeilge
·      An drámaíocht amaitéarach
·      Drámaíocht na Gaeltachta­
·      An tAgallamh Beirte agus taibhealaíona dúchasacha na Gaeilge
·      An dátheangachas agus an códmheascadh sa drámaíocht
·      An drámaíocht san oideachas agus drámaí do pháistí
·      Ról TG4 i gcothú na drámaíochta teilifíse
·      Anailís ar scannáin nó ar chláir ar leith
·      Sobaldrámaí agus drámaí raidió na Gaeilge
·      An cheoldrámaíocht agus geamaireachtaí

Bheadh fáilte freisin roimh pháipéir nó painéil (triúr cainteoirí) ó dhaoine atá ag obair san earnáil – drámadóirí, aisteoirí, léiritheoirí, scríbhneoirí scripte srl.

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250-300 focal), nóta beathaisnéise agus sonraí teagmhála chuig Comhdhail.2017@dcu.ie roimh an 2 Nollaig 2016.

Riarthóir na Comhdhála: An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Fiontar agus Scoil na Gaeilge (DCU), Campas na Naomh Uile, Baile Átha Cliath 9.