11/16/2016

Aoichainteoirí



Diarmuid de Faoite:
Aisteoir, scríobhnóir agus stiúrthóir é Diarmuid de Faoite, aithne nach beag air óna chuid rólanna mar Chathal i  gCorp agus Anam 1 + 2,  Jack i Ros na Rún agus mar Phádraic Ó Conaire sna drámaí stáitse, clár faisnéise agus dráma raidió a scríobh Diarmuid faoin údar. Obair go leor déanta aige le comhlachtaí amharclainne agus teilifíse ar fud na hÉireann agus thar lear. I mbliana d'oibrigh Diarmuid le Music for Galway (Death Row Memoirs of an Extra Terrestrial agus The Ballad of Reading Gaol), Comhaltas Ceoltóirí Éireann (Macalla 1916 agus Seachtar Fear Seacht Lá/ Seven Men Seven Days), POC productions (Pádraic Ó Conaire agus Seacht mBua an Éirí Amach), Gnó Mhaigh Eo/Féile Ealaíon Chathair na Mart ( Foxy Jack-Giolla Éireann) agus scríobh sé agus léirigh sé The Playboy of the Western World - The Musical i gcomhpháirt le Justin McCarthy. Foilsíodh leagan nua dhá theangach de Sheacht mBua an Éirí Amach a d'aistrigh Diarmuid le déanaí agus beidh sé le feiceáil sa scannán Pilgrimage a eiseofar go gairid chomh maith.



Marc Mac Lochlainn: 
Stiúrthóir Ealaíne le Branar Téatar do Pháistí. Bhunaigh sé an comhlacht i 2001 agus ó shin i leith tá os cionn 15 léiriú nua cumtha acu. Is iondúil go ndéanann Branar ar a laghad camchuairt náisiúnta amháin in aghaidh na bliana agus go minic déanann siad dhá chamchuairt náisiúnta. Ó 2012 ar aghaidh tá seacht gcinn de léirithe Branar tar éis a bheith léirithe go hidirnáisiúnta. Léirigh Branar drámaí i ndá thír déag, i dtríocha ionad éagsúla. Chaith Marc tréimhse mar mhúinteoir agus mar léachtóir agus ó 2013-1016 b'Ealaíontóir Cónaithe le Téatar i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, é féin agus Branar.


Marianne Kennedy:
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mharianne.
Tá sí ag obair faoi láthair mar Riarthóir na dTaibhealaíon le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá breis is deich mbliana de thaithí ghairmiúil ag Marianne i réimse na n-Ealaíon Stáitse agus i réimse na n-Ealaíon Traidisiúnta.  Chaith sí cúig bliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Shiamsa Tíre, Amharclann Náisiúnta Tíre na hÉireann agus Ionad Ealaíon i dTrá Lí, Co. Chiarraí.  Le linn an ama sin chaith sí ceithre bliana ar Bhord Stiúrtha Samhlaíocht Chiarraí a bhíonn ag eagrú Fhéile Ealaíon na Cásca i dTrá Lí agus Fhéile Scannánaíochta Chiarraí agus bhí sí ar choiste stiúrtha na Féile Ceoil ’Bloom’ chomh maith. Chaith Marianne cúpla bliain mar Bhainisteoir Ginearálta ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta Gaeilge na hÉireann.  Tá taithí ghairmiúil aici freisin ar léiriú, stiúradh, áisitheoireacht ealaíon, aisteoireacht, dearadh cúrsaí drámaíochta agus guthú.  Faoi láthair tá sí ina comhalta ar Bhord Stiúrtha Branar Drámaíochta Teo.



Darach Ó Tuairisg:
Is as Cois Fharraige é Darach agus tá sé ag obair in earnáil na nEalaíon le breis is 30 bliain anois. Tá sé ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Fíbín, comhlacht drámaíochta a bhfuil fás agus forbairt tagtha air ó 2003. Idir Fíbín agus Meangadh Fíbín, comhlacht teilifíse, tá drámaí stáitse, cláir raidió agus sraitheanna teilifíse léirithe aige, iad ar fad trí mhéan na Gaeilge agus béim ar leith ar ábhar do dhaoine óga. Bíonn baint ghníomhach aige le heagraíochtaí ealaíon eile, na Comharsain Cheilteacha ina measc, a bhfuil sé mar aidhm acu an cultúr ceilteach a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.




Darach Mac an Iomaire:

Aisteoir, scríbhneoir, stiúrthóir. Tuilleadh eolais le teacht.



11/14/2016

SPRAOI - Dráma do pháistí le Branar Drámaíochta


Léireofar an dráma SPRAOI mar chuid d'imeachtaí na Comhdhála.



Cur Síos
Is scéal simplí atá ann faoi bheirt bhuachaillí a shroicheann an áit chéanna ag an am céanna agus ní thuigeann siad céard atá le déanamh acu. Ní thuigeann siad teanga a chéile ná geáitsí a chéile. Is maith le duine acu rialacha agus tá duine eile beag beann orthu. Caithfidh siad modh cumarsáide a aimsiú chun go mbeidh siad in ann Spraoi le chéile. Beidh muid ag díriú ar insealbhú teanga ar bhonn bunúsach, is ag lipéad

An Fhoireann
Arna stiúradh ag Marc Mac Lochlainn.
Aisteoirí Miquel Barcelló agus Johnathan Gunning
Léiriú dátheangach atá ann i nGaeilge agus Catalóinis

11/12/2016

Oidhche Sheanchais

Taispeánfar an chéad scannán Gaeilge, Oidhche Sheanchais (1935) le Robert Flaherty, ag an gComhdháil agus pléifidh an Dr Brian Ó Catháin agus an Dr Deirdre Ní Chonghaile cúlra, stair agus tábhacht an scannáin.


Dr Brian Ó Catháin:
Léachtóir sinsearach le Gaeilge agus Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é Brian Ó Catháin. Is iad na réimsí léinn is mó a shaothraíonn sé, canúineolaíocht agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge. Anuas ar a chuid foilseachán sa dá réimse seo, tá ailt foilsithe aige a bhaineann le béaloideas Oileáin Árann agus le stair an Léinn Cheiltigh.

Dr Deirdre Ní Chonghaile:
Tá Deirdre Ní Chonghaile lonnaithe in Institiúid de Móra in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a gcaithfidh sí 2017 ina Comhalta Iardhochtúireachta de chuid Ollscoil na hÉireann. Roimhe seo, shaothraigh sí in Ollscoil Notre Dame, sa Library of Congress, agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar Comhalta Taighde na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus, le gairid, le Tionscnamh na gCultúr Digiteach. Faoi láthair, tá leabhar ar bhailiú an cheoil in Éirinn á chríochnú aici. Mhúscail an t-ábhar sin an taighde is úire uaithi ar amhráin a bailíodh i measc na nGael i Meiriceá Thuaidh sa tréimhse 1884-1924. Stiúraíonn sí an tógra dá-theangach Amhráin Árann – Aran Songs (http://aransongs.blogspot.ie/).