Cá mbeidh an chomhdháil:
Beidh an chomhdháil féin ar
siúl ar Champas na Naomh Uile (DCU) i nDroim Conrach. (Ar fhaitíos na
míthuisceana – ní ar Champas Ghlas Naíon DCU atáimid!)
Léarscáil anseo:
Clárú:
Cuirimid fáilte romhaibh
clárú don chomhdháil anois ar Eventbrite. Táille: 25 euro; 8 euro mic
léinn, daoine dífhostaithe agus pinsinéirí.
Painéal Díospóireachta TG4:
Déanfar beochraoladh freisin
ón gcomhdháil ar phainéal díospóireachta ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta.
Craolfar an Clár ‘Cormac ag a Cúig’, curtha i láthair ag Tristan Rosenstock, ar
an Aoine 17ú Feabhra, 5.00-6.00, beo ón gcomhdháil. ‘Todhchaí TG4 – an chéad 20
bliain eile’ téama an chláir agus beidh Alan Esslemont (Ardstiúrthóir TG4),
Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie), Niamh Ní Bhaoill (Sibéal Teo.) agus Seán Ó
Cualáin (Sónta Teo.) ar an bpainéal. Beidh saorchead isteach ag an bpobal chuig
an bpainéal seo ní mór clárú roimhré agus a bheith ann faoi 4.45 ar a dhéanaí.
Bia/Deoch:
Beidh an bhialann ar an gcampas oscailte ar an Aoine agus beidh gach duine in ann lón a cheannach ansin. Cuirfear lón ar fáil do gach duine atá ag freastal ar an gComhdháil ar an Satharn. Cuirfear tae/caifé ar fáil ar an dá lá.
Mar eolas – ní thógtar cártaí creidmheasa ná cártaí dochair sa bhialann agus níl ATM ar an gcampas.
No comments:
Post a Comment