11/16/2016

Aoichainteoirí



Diarmuid de Faoite:
Aisteoir, scríobhnóir agus stiúrthóir é Diarmuid de Faoite, aithne nach beag air óna chuid rólanna mar Chathal i  gCorp agus Anam 1 + 2,  Jack i Ros na Rún agus mar Phádraic Ó Conaire sna drámaí stáitse, clár faisnéise agus dráma raidió a scríobh Diarmuid faoin údar. Obair go leor déanta aige le comhlachtaí amharclainne agus teilifíse ar fud na hÉireann agus thar lear. I mbliana d'oibrigh Diarmuid le Music for Galway (Death Row Memoirs of an Extra Terrestrial agus The Ballad of Reading Gaol), Comhaltas Ceoltóirí Éireann (Macalla 1916 agus Seachtar Fear Seacht Lá/ Seven Men Seven Days), POC productions (Pádraic Ó Conaire agus Seacht mBua an Éirí Amach), Gnó Mhaigh Eo/Féile Ealaíon Chathair na Mart ( Foxy Jack-Giolla Éireann) agus scríobh sé agus léirigh sé The Playboy of the Western World - The Musical i gcomhpháirt le Justin McCarthy. Foilsíodh leagan nua dhá theangach de Sheacht mBua an Éirí Amach a d'aistrigh Diarmuid le déanaí agus beidh sé le feiceáil sa scannán Pilgrimage a eiseofar go gairid chomh maith.



Marc Mac Lochlainn: 
Stiúrthóir Ealaíne le Branar Téatar do Pháistí. Bhunaigh sé an comhlacht i 2001 agus ó shin i leith tá os cionn 15 léiriú nua cumtha acu. Is iondúil go ndéanann Branar ar a laghad camchuairt náisiúnta amháin in aghaidh na bliana agus go minic déanann siad dhá chamchuairt náisiúnta. Ó 2012 ar aghaidh tá seacht gcinn de léirithe Branar tar éis a bheith léirithe go hidirnáisiúnta. Léirigh Branar drámaí i ndá thír déag, i dtríocha ionad éagsúla. Chaith Marc tréimhse mar mhúinteoir agus mar léachtóir agus ó 2013-1016 b'Ealaíontóir Cónaithe le Téatar i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, é féin agus Branar.


Marianne Kennedy:
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mharianne.
Tá sí ag obair faoi láthair mar Riarthóir na dTaibhealaíon le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá breis is deich mbliana de thaithí ghairmiúil ag Marianne i réimse na n-Ealaíon Stáitse agus i réimse na n-Ealaíon Traidisiúnta.  Chaith sí cúig bliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Shiamsa Tíre, Amharclann Náisiúnta Tíre na hÉireann agus Ionad Ealaíon i dTrá Lí, Co. Chiarraí.  Le linn an ama sin chaith sí ceithre bliana ar Bhord Stiúrtha Samhlaíocht Chiarraí a bhíonn ag eagrú Fhéile Ealaíon na Cásca i dTrá Lí agus Fhéile Scannánaíochta Chiarraí agus bhí sí ar choiste stiúrtha na Féile Ceoil ’Bloom’ chomh maith. Chaith Marianne cúpla bliain mar Bhainisteoir Ginearálta ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta Gaeilge na hÉireann.  Tá taithí ghairmiúil aici freisin ar léiriú, stiúradh, áisitheoireacht ealaíon, aisteoireacht, dearadh cúrsaí drámaíochta agus guthú.  Faoi láthair tá sí ina comhalta ar Bhord Stiúrtha Branar Drámaíochta Teo.



Darach Ó Tuairisg:
Is as Cois Fharraige é Darach agus tá sé ag obair in earnáil na nEalaíon le breis is 30 bliain anois. Tá sé ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Fíbín, comhlacht drámaíochta a bhfuil fás agus forbairt tagtha air ó 2003. Idir Fíbín agus Meangadh Fíbín, comhlacht teilifíse, tá drámaí stáitse, cláir raidió agus sraitheanna teilifíse léirithe aige, iad ar fad trí mhéan na Gaeilge agus béim ar leith ar ábhar do dhaoine óga. Bíonn baint ghníomhach aige le heagraíochtaí ealaíon eile, na Comharsain Cheilteacha ina measc, a bhfuil sé mar aidhm acu an cultúr ceilteach a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.




Darach Mac an Iomaire:

Aisteoir, scríbhneoir, stiúrthóir. Tuilleadh eolais le teacht.



No comments:

Post a Comment